
Tá Roinn Pobail agus Fiontair bunaithe ag Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh chun tacaíocht a thabhairt do Bhord Forbartha Chontae Thiobraid Árann Thuaidh
Bunaíodh Bord Forbartha Chontae Thiobraid Árann Thuaidh i mí Aibreáin 2000. Tugann an Bord ionadaithe le chéile ón rialtas áitiúil, eagraíochtaí forbartha áitiúla, comhpháirtithe sóisialta (an pobail agus an earnáil dheonach ina measc) agus gníomhaíochtaí stáit atá gníomhach ag leibhéal áitiúil. D'ullmhaigh an Bord straitéis chuimsitheach d'fhorbairt eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha i dTiobraid Árann Thuaidh agus tá sé á chur i bhfeidhm. Cuireann sé chun cinn agus cothaíonn sé comhoibriú agus comhtháthú maidir le seirbhísí poiblí a sheachadadh ag leibhéal áitiúil freisin. Déanann an bord iarracht a bheith ag oibriú ar bhealach rannpháirteach, i gcomhairliúchán leis na heagraíochtaí agus na páirtithe leasmhara cuí ar fad taobh istigh den chontae. Tá nasc a dhéanamh idir an pobal agus an earnáil dheonach san áireamh anseo trí Chumann Pobail agus Deonach Thiobraid Árann Thuaidh atá nuabhunaithe.
I 1998, bhunaigh an Rialtas Tascfhórsa Idir-rannach chun dul i ngleic le ceist an chomhtháthaithe idir na córais Rialtais Áitiúil agus Forbartha Áitiúil. D'fhoilsigh an Tascfhórsa dhá thuarascáil:
D'fhéach an Tascfhórsa ar an gcaoi gur féidir comhoibriú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí difriúla ar bhealach níos éifeachtúla ag leibhéal áitiúil. D'aithin sé gur deacracht mhór ó thaobh seirbhísí poiblí a phleanáil agus a sheachadadh ag leibhéal áitiúil é nach bhfuil teimpléad aonair ann chun treoir a thabhairt don iliomad gníomhaireachtaí san earnáil phoiblí atá ag feidhmiú sa chontae. Chun dul i ngleic leis seo, mhol an Tascfhórsa go mbunófaí Bord Forbartha Contae i ngach contae (nó Bord Forbartha Cathrach i ngach cathair) ina mbeadh ionadaíocht leathan ó na hearnálacha éagsúla agus a bheadh ag obair i dtreo straitéis aonair don chontae.
An bhfuil aon rud le rá agat faoinar suíomh Ghréasáin? Seol chugainn aon aiseolas.