Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Pobal & Fiontraíocht > Réamhrá

Réamhrá

Tá baint ag an Roinn Pobail agus Fiontair le roinnt d'fheidhmeanna an Údaráis Áitiúil a chur ar aghaidh. Ina measc tá éascú agus bainistiú a dhéanamh ar Straitéis Mhíchumais Údarás Áitiúil Thiobraid Árann Thuaidh de réir an Achta um Míchumas 2005 agus na Straitéise Náisiúnta Míchumais, Tionscadal Feabhsúcháin Bhaile CLÁR, Ionad Ealaíne Réigiúnda Dhurlais agus Scéim Dheontais an Údaráis Áitiúil d'Áiteanna Súgartha.

Déanann Cumann Pobail & Deonach Thiobraid Árann Thuaidh (CAVA) ionadaíocht ar son na hEarnála Pobail agus Deonaí sna struchtúir Údaráis Áitiúil i dTiobraid Árann Thuaidh. Is í an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a mhaoiníonn an CAVA agus riarann an Roinn Pobail & Fiontair an maoiniú sin.

Tugtar áit do Choiste Cúraim Leanaí an Chontae taobh istigh den Roinn Pobail agus Fiontair. Tá an príomhról ag Coiste Cúraim Leanaí an Chontae ó thaobh tacaíocht a thabhairt don fhorbairt ar áiteanna cúraim leanaí d'ardchaighdeán sa chontae faoin gClár Náisiúnta Infheistíochta do Chúram Leanaí (NCIF) 2006-2010. Riarann agus tacaíonn an Roinn Pobail agus Fiontair le soláthar foirne, maoiniú agus riarachán ginearálta an Choiste. Tá comhalta foirne den Roinn ina c(h)athaoirleach ar an gCoiste, agus gníomhaíonn sé/sí freisin i ról tacaíochta don Chomhordaitheoir agus don fhoireann.

CAVA

Cúram Leanaí