Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Do Chomhairle > Eolas Fúinn > Cúlra na Comhairle

Cúlra na Comhairle

Cúlra Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh

Bunaíodh Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Éire), 1898 agus soláthraíonn sé raon seirbhísí do shaoránaigh i dTiobraid Árann Thuaidh. Tá ár gceanncheathrú lonnaithe sna hOifigí Sibhialta, Bóthar Luimnigh, An tAonach agus tá oifigí ceantair lonnaithe againn i mBuiríos Uí Chéin, sa Phort Nua, i nDurlas agus i Ros Cré.

Cuimsíonn an Chomhairle 21 Ionadaí Tofa, atá tofa go díreach trí chóras ionadaíochta cionmhaire ag modhanna an vóta aonair inaistrithe. Toghadh an Chomhairle reatha sna toghcháin áitiúla a tionóladh i Meitheamh 2004.

Tá feidhmeanna na Comhairle roinnte ina bhfeidhmeanna forchoimeádta agus feidhmeannachta. Déanann na Baill na feidhmeanna forchoimeádta a chomhlíonadh agus baineann siad le ceisteanna beartais go príomha, a chuimsíonn glacadh le Plean Forbartha an Chontae agus leis an mbuiséad bliantúil. Tá feidhmeanna feidhmeannachta mar fhreagracht ar an mBainisteoir Contae agus cuimsíonn siad seo riarachán na seirbhísí ar bhonn laethúil. Tá an Chomhairle ag forfheidhmiú clár nuachóirithe atá uaillmhianach de réir na bpríomhphrionsabal a bunaíodh faoi 'Better Local Government - a Programme for Change' a chuimsíonn:

Sholáthraigh bunú an Choiste um Beartais Straitéiseacha agus bunú Bhord Forbartha an Chontae, lena gcruinnithe tionscnaimh a tionóladh ar an 30 Meitheamh 2000 agus ar an 10 Aibreán 2000 faoi seach, deiseanna nua d'Ionadaithe Tofa na Comhairle agus d'Ionadaithe na n-Eagraíochtaí Pobail agus Stáit chun comhoibriú le beartais a aithint agus a fhorbairt agus le rannpháirtíocht áitiúil a bhreisiú i bhforbairt na Comhairle.

Soláthraíonn an Grúpa um Beartais Chorporáideacha, a chuimsíonn an Méara agus Cathaoirligh na gceithre Choiste um Beartais Straitéiseacha, fóram le meas a dhéanamh ar na tograí beartais a eisíonn na Coistí.

Tá dréachtú agus glacadh an Phlean Chorporáidigh agus an Phlean Seirbhísí do Chustaiméirí tar éis cuidiú leis an eagraíocht a cuid cuspóirí agus tosaíochtaí a aithint maidir le soláthar seirbhíse agus cuideoidh siad seo le fócas a sholáthar d'fhorbairtí sa todhchaí. Soláthróidh bunú na dTáscairí Seirbhíse faisnéis thábhachtach maidir le leibhéil na gcaighdeán seirbhíse agus beifear in ann iad a úsáid mar bhunús maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí.

Chuidigh tionscnamh Córas Bainistíochta Gnó nua i mBealtaine 2001 le córas Bainistíocht Airgeadais agus tuairiscithe feabhsaithe a sholáthar. Tá glacadh le coincheapa nua-aoiseacha cuntasaíochta i gceist, a chuimsíonn cuntasaíocht fhabhraithe, a cloíonn le caighdéain iniúchta agus chuntasachta phoiblí agus an costas réalaíoch maidir le seachadadh seirbhísí a chur in iúl go cruinn.

Tá seoladh an Phróisis Chomhpháirtíochta san Ionad Oibre in Eanáir 2000 tar éis cumasú don Bhainistíocht, do na Ceardchumainn agus do na Baill Foirne comhoibriú le chéile chun raon agus caighdeán na seirbhísí a sholáthraítear dár saoránaigh a fheabhsú, chomh maith le fóram a sholáthar chun plé a dhéanamh ar cheisteanna maidir le cúrsaí foirne.

Táimid ag tnúth, le muinín breise anois, le feabhsúcháin leanúnacha laistigh den Eagraíocht agus mórthimpeall an Chontae sna blianta atá romhainn.