Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Do Chomhairle > Eolas Fúinn > Coistí um Beartais Straitéiseacha

Coistí um Beartais Straitéiseacha 2009 - 2014

 

Ról agus Comhaltaí n gCoistí um Beartais Straitéiseacha (SPCs)

Ag a Cruinniú Bliantúil a tionóladh ar an 19 Meitheamh 2009, chinn Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh ceithre Choiste um Beartais Straitéiseacha a bhunú agus ceapadh an Cmhlr. Jonathan Meaney, an Cmhlr. Eddie Moran, an Cmhlr. Michael Smith agus an Cmhlr. Pauline Coonan mar Chathaoirligh Ainmnithe na gCoistí.

Is éard atá i ngach SPC ná Comhairleoirí tofa agus ionadaithe earnála (nó neamhthofa).   Tá a Chathaoirleach féin ag gach SPC (a chaithfidh a bheith ina Chomhalta den Chomhairle agus a cheapann an Chomhairle) agus faigheann sé cúnamh ó Stiúrthóir Seirbhísí (oifigeach lánaimseartha de chuid na Comhairle) agus a fhoireann/a foireann.   Tagann na SPCanna le chéile ar bhonn rialta de réir mar a éilíonn an ualach oibre a bhíonn orthu.

Is é ról na SPCanna ná beartais a cheapadh, a fhorbairt agus a athbhreithniú maidir leis na réimsí a bhfuil siad freagrach astu.   Ach coinníonn an Chomhairle a feidhm mar údarás cinnteoireachta agus déanann sí an cinneadh deiridh maidir le gach ábhar beartais.   Tá sé mar fhreagracht ar na SPCanna comhairle a chur ar an gComhairle iomlán agus moltaí a dhéanamh di faoi ábhair bheartais trí Chathaoirleach an SPC.

Ba chóir tabhairt faoi deara nach bhfuil ról ag na SPCanna maidir le feidhmiú na Comhairle ó lá go lá nó ábhair eile nach mbaineann le beartais, fad agus atá an ról ceaptha beartas ríthábhachtach do gach SPC.

Caithfear Coistí um Beartais Straitéiseacha nua a bhunú tar éis na dtoghchán áitiúil a bhíonn ar siúl gach 5 bliana.

 

SCÉIM AN CHOISTE UM BEARTAIS STRAITÉISEACHA -  Pdf Doiciméad Pdf Document (24KB)