Plean Corparáideach 2010 - 2014
I mí an Mhárta 2001, ghlacamar lenár gcéad Phlean Corporáideach.
Bhí Plean ann don tréimhse 2006 - 2009 agus glacadh leis an bPlean nua I
gcóir an tréimhse 2010 -2014. Tá dréachtú an phlean tar éis
cuidiú leis an Eagraíocht a cuid cuspóirí agus tosaíochtaí a aithint agus
cuideoidh sé le fócas a sholáthat d'fhorbairtí sa todhchaí.
Forbhreathnú ar an bPlean Corporáideach
Tá na príomhchuspóirí againn aitheanta mar a leanas:
-
Daonlathas:
Tá meas againn ar rannpháirtíocht dhaonlathach ár mball tofa agus ár saoránach, seasaimid leis an rannpháirtíocht sin agus leagaimid luach ar ról ár mball tofa agus ár saoránach maidir le treisiú na heagraíochta.
-
Cúram Custaiméirí/ Saoránach:
Aithnímid go bhfuil gá le seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar ar bhealach gairmiúil, éifeachtach, éifeachtúil agus neamhchlaonta agus a chinntiú go bhfuil ár mbeartais agus ár ngníomhaíochtaí bunaithe ar phrionsabal dhea-chúram an chustaiméara.
-
Cúram Comhshaoil:
Táimid tiomanta d'ionchorprú phrionsabal na forbartha inbhuanaithe a chinntiú maidir lenár luachanna, ár mbeartais agus ár ngníomhaíochtaí, meas a léiriú ar ár gcomhshaol nádúrtha agus tógtha, ar ár gcultúr agus ar ár n-oidhreacht, agus iad a chosaint.
-
Ár bhFoireann agus ár mBaill Tofa:
Aithnímid go bhfuil na hacmhainní daonna atá againn ar an sócmhainn is luachmhaire atá againn agus go bhfuil cúrsaí oiliúna, forbartha, sábháilteachta agus leasa mar phríomhchuspóir sa réimse seo.
-
Comhpháirtíocht:
Is mór againn an luach a bhaineann le comhpháirtíocht dhearfach oibre a bhaineann lenár bhfoireann, lenár mbaill agus lenár saoránaigh agus aithnímid an tábhacht atá léi maidir le forbairt na heagraíochta sa todhchaí agus i mbainistíocht an athraithe.
Cuimsíonn an Plean cuspóirí do gach ceann dár gceantair seirbhíse agus tá plean gníomhaíochta i bhfeidhm anois againn chun iad sin a fhorfheidhmiú.
Chun breathnú ar dhoiciméid PDF beidh sé riachtanach Adobe Reader a íoslódáil ó láithreán gréasáin Adobe.