Ceann de mhóreilimintí an Phlean Chorporáidigh ná ardleibhéal seirbhíse a sholáthar do shaoránaigh i dTiobraid Árann Thuaidh agus níos faide i gcéin. De bhun an chuspóra seo, d'ullmhaíomar agus ghlacamar lenár gcéad Phlean Custaiméirí i mí an Mhárta 2001 i gcomhairle lenár mBainistíocht agus ár bhFoireann, ár gCoiste Comhpháirtíochta, ár nIonadaithe Tofa agus baill dár gCoistí um Beartais Straitéiseacha agus dár mBord Forbartha Contae. Leanann an Plean lenár gclár feabhsúcháin seirbhíse a chuimsíonn go dtí seo - athruithe ar uaireanta oscailte poiblí, uasghrádú na gcóras teileafóin, athdhearadh ár bhfógraí agus foilsiú na dtreoirleabhar seirbhíse. Bhí Plean ann don tréimhse 2006 - 2009 agus glacadh leis an bPlean nua I gcóir an tréimhse 2010 - 2014.
Tá an plean seo tar éis cabhrú linn chomh maith chun:
Caithfear a thuiscint, áfach, go mbeidh deacrachtaí againn ó thráth go chéile, agus go bhféadfaidís cur isteach ar chaighdeáin na freagrúlachta ar feadh tamall beag. Táimid ag déanamh ár ndíchill lena chinntiú nach dtarlaíonn sé sin go rialta. Tá Nós Imeachta Déanta Achomharc agus Gearán curtha ar bun againn chomh maith. Gliogáil anseo chun breis faisnéise a fháil.
Chun breathnú ar dhoiciméid PDF beidh sé riachtanach Adobe Reader a íoslódáil ó láithreán gréasáin Adobe.
An bhfuil aon rud le rá agat faoinar suíomh Ghréasáin? Seol chugainn aon aiseolas.