1. RÉAMHRÁ
Ionas gur féidir vótáil ag toghchán nó reifreann, caithfidh ainm duine a bheith curtha ar chlár na dtoghthóirí don cheantar ina mbíonn gnáthchónaí ar an toghthóir. Bíonn ar údaráis chlárúcháin (comhairle contae agus cathrach) de réir dlí clár toghthóirí a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain. Tagann an clár i bhfeidhm an 15ú Feabhra agus baintear úsáid as ag gach toghchán agus reifreann a thionóltar sna 12 mí ina dhiaidh sin.
Ó 2004, bíonn ar na húdaráis chlárúcháin dhá leagan den chlár a fhoilsiú – an clár iomlán agus an clár faoi eagarthóireacht. Liostaíonn an clár iomlán gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh agus ní féidir é a úsáid ach amháin chun críche toghcháin nó chun críche reachtúla eile. Beidh ainmneacha agus seoltaí daoine ar féidir a mionsonraí a úsáid chun críche seachas críoch toghcháin nó críoch reachtúil eile, m.sh. d’úsáid margaíochta dírí ag eagraíocht tráchtála nó eile, sa chlár faoi eagarthóireacht (féach mír. 3).
2. COINNÍOLLACHA DO CHLÁRÚ
Is iad na coinníollacha:
Aois: caithfidh duine a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad an lá a dtagann an clár i bhfeidhm (Feabhra 15ú). Tá gach cónaitheoir atá 18 mbliana d’aois nó níos sine i dteideal a bheith ar an gclár.
Saoránacht: cé go bhfuil gach cónaitheoir aosach i dteideal a bheith cláraithe, caithfidh an t-údarás clárúcháin saoránacht duine a bheith ar eolas aige mar gur saoránacht a chinneann na toghcháin ag a bhféadfaidh duine vótáil. Is é an dáta cáilitheach do shaoránacht ná an 1ú Meán Fómhair sula dtagann an clár i bhfeidhm. Is mar seo a leanas an ceart vótála:
· Féadfaidh Saoránaigh d’Éirinn vóta a caitheamh ag gach toghchán agus reifreann;
· Féadfaidh Saoránaigh den Bhreatain vóta a caitheamh ag toghchán Dála, ag Toghchán Eorpach agus ag Toghchán Áitiúil;
· Féadfaidh saoránaigh eile AE vóta a chaitheamh ag Toghchán Eorpach agus ag Toghchán Áitiúil;
·
Is ag toghchán áitiúil amháin a fhéadfaidh
saoránaigh nach den AE iad vóta a chaitheamh.
Cónaí: caithfidh gnáthchónaí a bheith ar dhuine ag an seoladh atá i gceist an 1ú Meán Fómhair sula dtagann an clár i bhfeidhm. Ní fhéadfaidh duine a bheith cláraithe ach ag seoladh amháin. Má bhíonn níos mó ná seoladh amháin ag duine (m.sh. go bhfuil duine ina chónaí ón mbaile chun freastal ar choláiste), ba chóir a chur in iúl don údarás clárúcháin cén seoladh ar mian leis an duine a bheith cláraithe aige.
Féadfaidh duine a fhágann a ghnáthchónaí nó a gnáthchónaí agus é ar intinn aige nó aici filleadh laistigh de ocht mí dhéag leanúint de bheith cláraithe ansin, faoi réir ag an gcoinníoll sáraitheach nach bhféadfaidh duine a bheith cláraithe ach ag aon seoladh amháin. Ba choir go mbeadh duine a bhíonn as láthair ar bhonn sealadach óna ghnáthsheoladh nó óna gnáthsheoladh, mar shampla ar saoire, in ospidéal nó ar chúrsa fostaíochta, cláraithe ag a ghnáthsheoladh nó ag a gnáthsheoladh. Níor chóir cuairteoir nó duine a bhíonn ag fanacht go sealadach ag an seoladh a bheith cláraithe.
3. ULLMHÚ AN CHLÁIR
I rith Meán Fómhair/Deireadh Fómhair déanann an t-údarás clárúcháin fiosruithe
ó theach go teach nó fiosruithe áitiúla eile chun críche dréacht-chlár a ullmhú. I go leor cásanna, is éard a bheidh i gceist leis sin ná foirmeacha clárúcháin (RFA) a sheachadadh chuig líonta tí lena gcomhlánú. D’fhéadfadh sé go n-iarrfadh údarás clárúcháin ar dhuine fianaise scríbhinne a thabhairt ar aird chun tacú le hincháilitheacht chun vótála, m.sh. deimhniú breithe nó deimhniú eadóirseachta i gcás saoránachta.
Foilsítear an dréacht-chlár an 1ú Samhain agus cuirtear ar fáil é lena iniúchadh ag oifigí poist, ag leabharlanna poiblí, ag stáisiúin Gardaí, ag tithe cúirte agus ag oifigí údaráis áitiúil go dtí an 25ú Samhain agus iarrtar ar an bpobal an dréacht a sheiceáil le linn na tréimhse sin lena chinntiú go bhfuil siad cláraithe i gceart.
Ba chóir aon earráidí nó easnaimh sa dréacht a thabhairt ar aird an údaráis chlárúcháin láithreach.
Is é nó í an cláraitheoir contae, ar oifigeach cúirte cáilithe go dlíthiúil é nó í, a rialaíonn éilimh chun ainmneacha a chur ar an gclár nó ainmneacha a scriosadh ón gclár. Déantar an rialú go poiblí agus féadfaidh aon duine freastal agus fianaise a thabhairt. Cuirtear cinneadh an chláraitheora contae in iúl do dhaoine leasmhara. Féadfar achomharc a dhéanamh sa chúirt chuarda in aghaidh chinneadh chláraitheoir contae. Bíonn an próiseas éileamh ann idir an 25ú Samhain agus an 23ú Nollaig gach bliain.
An Clár faoi Eagarthóireacht
Mar atá mínithe i mír 1, bíonn ainmneacha agus seoltaí daoine ar féidir a mionsonraí a úsáid chun críche seachas críoch toghcháin nó críoch reachtúil eile, m.sh. d’úsáid margaíochta dírí ag eagraíocht thráchtála nó eile, sa chlár faoi eagarthóireacht.
Murar mian leat do chuid mionsonraí a bheith ar an gclár faoi eagarthóireacht ba chóir duit tic a chur sa bhosca "rogha eisiaimh" ar an RFA. Má tá an fhoirm á comhlánú agat thar ceann daoine eile sa teach ba chóir duit seiceáil leosan maidir lena bhfuil ar intinn acu faoi bheith ar an gclár faoi eagarthóireacht.
Foilsítear an clár críochnaitheach an 1ú Feabhra agus tagann sé i bhfeidhm an 15ú Feabhra do thréimhse de bhliain amháin.
4. LIOSTA NA BPOSTVÓTÁLAITHE
Ullmhaíonn na húdaráis chlárúcháin liosta postvótálaithe mar chuid de chlár na dtoghthóirí. Caithfear iarratais le bheith ar an liosta a bheith faighte faoin 25ú Samhain ar a dhéanaí.
Tá na catagóirí daoine seo a leanas cláraithe mar phostvótálaithe:
Féadfaidh na catagóirí daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar chlárú mar phostvótálaithe:
Is leis an bpost amháin a fhéadfaidh toghthóir a bhíonn cláraithe mar
phostvótálaí vóta a chaitheamh agus ní fhéadfaidh sé nó sí vótáil ag
stáisiún vótaíochta
5. AN LIOSTA VÓTÁLAITHE SPEISIALTA
Mar chuid de chlár na dtoghthóirí, ullmhaíonn na húdaráis chlárúcháin liosta vótálaithe speisialta freisin a bhíonn comhdhéanta de thoghthóirí a bhfuil tinneas coirp orthu nó atá faoi mhíchumas coirp a bhíonn ina gcónaí in ospidéil, i dtithe altranais nó i bhforais mar iad agus ar mian leo vótáil ag na háiteanna sin. Chun cáiliú, caithfidh sé gur dócha go mairfidh tinneas coirp nó míchumas coirp an toghthóra ar feadh tréimhse an chláir agus go gcuirfidh sé cosc air nó uirthi dul go dtí stáisiún vótaíochta chun vóta a chaitheamh.
Caithfear iarratais le bheith ar an liosta vótálaithe speisialta a bheith déanta faoin 25ú Samhain agus – i gcás an chéad iarratais – caithfidh deimhniú liachta a bheith ina theannta.
Vótálann toghthóirí an liosta vótálaithe speisalta ag an ospidéal, teach altranais etc. ina mbíonn siad ina gcónaí trí mharc a chur ar pháipéar ballóide a thugann oifigeach ceannais speisialta dóibh agus Garda ina theannta nó ina teannta.
Tá bileog ar leithligh sa tsraith seo ina bhfuil eolas do vótóirí faoi mhíchumas.
6. FORLÍONADH DO CHLÁR NA DTOGHTHÓIRÍ
Mura mbíonn duine ar chlár na dtoghthóirí atá i bhfeidhm faoi láthair ach má mheasann sé nó sí go bhfuil sé nó sí incháilithe do chlárú, féadfaidh an duine sin iarratas a dhéanamh a ainm nó a hainm a chur ar fhorlíonadh don chlár a fhoilsítear roimh an lá vótaíochta ag gach toghchán agus reifreann. Chun cáiliú, caithfidh duine na ceanglais maidir le cónaí agus aois a chomhlíonadh. Le bheith i dteideal a bheith ar an bhforlíonadh, caithfidh duine:
Caithfidh iarratas le bheith ar an bhforlíonadh a bheith fianaithe ag comhalta den Gharda Síochána nó, murar féidir leis an duine dul chuig a Stáisiún Gardaí áitiúil, oifigeach de chuid a gcomhairle contae nó cathrach ar an gcoinníoll go luann siad an chúis nach féidir leo dul chuig stáisiún Gardaí. Caithfidh iarratas le bheith ar an bhforlíonadh a bheith faighte ag an údarás clárúcháin 15 lá oibre ar a laghad roimh an lá vótaíochta chun go mbreithneofar é don toghchán nó reifreann sin. Cé go ndéantar formhór na n-iarratas le bheith ar an bhforlíonadh don chlár ag breith suas ar thoghchán nó reifreann, féadfar iarratas a dhéanamh tráth ar bith ó bhíonn an toghthóir incháilithe le cur ar an bhforlíonadh. Bíonn daoine a bhíonn ar an bhforlíonadh i dteideal vótáil ag toghcháin/reifrinn a thionóltar le linn reathacht an chláir.
7. FORLÍONTAÍ DO LIOSTA NA BPOSTVÓTÁLAITHE AGUS DON LIOSTA VÓTÁLAITHE SPEISIALTA
Féadfaidh toghthóirí atá incháilithe do liosta na bpostvótálaithe nó don liosta vótálaithe speisialta, ach nach bhfuil ar na liostaí sin, iarratas a dhéanamh lena gcur ar an bhforlíonadh iomchuí do na liostaí sin a fhoilsítear roimh gach toghchán agus reifreann.
Is é an dáta is deireanaí chun iarratais ar an bhforlíonadh a fháil ag na húdaráis chlárúcháin roimh vótaíocht ná dhá lá tar éis dáta lánscor na Dála i gcás olltoghcháin agus dhá lá tar éis an t-ordú um lá vótaíochta a bheith déanta i gcás chorrthoghchán Dála nó I gcás thoghchán Uachtaráin, toghcháin Eorpaigh nó toghcháin áitiúil nó i gcás Reifrinn. Faoi mar is amhlaidh do ghnáthfhorlíonadh don chlár, áfach, féadfar iarratas ar ainm a chur ar fhorlíonadh postvótálaithe agus vótálaithe speisialta a dhéanamh tráth ar bith ó bhíonn an toghthóir incháilithe le cur ar an bhforlíonadh.
8. ATHRÚ AR AN SEOLADH
Ó 2002, féadfaidh duine atá ar chlár na dtoghthóírí agus a athraíonn a áit chónaithe nó a háit chónaithe ó thoghlach amháin go toghlach eile nó laistigh den toghlach céanna (toghlimistéar áitiúil difriúil) iarratas a dhéanamh a bheith ar an bhforlíonadh ag a seoladh nua, ar an gcoinníoll go dtugann siad údarás don údarás clárúcháin a n-ainm a scriosadh den chlár i ndáil lena seoladh roimhe sin. Caithfidh an tiarratas a bheith sínithe agus stampáilte ag Stáisiún Gardaí agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le céannacht ghrianghraif.
Le bheith san fhorlíonadh tar éis athrú ar an seoladh caithfidh duine:
9. CLÁR NA DTOGHTHÓIRÍ A INIÚCHADH
Féadfaidh aon duine an clár, an dréacht-chlár nó an clár faoi eagarthóireacht a iniúchadh le linn uaire oibre ag oifigí an údaráis chlárúcháin nó an chláraitheora contae agus ag leabharlanna poiblí, oifigí poist agus stáisiúin Gardaí. Féadfar cóip den chlár, nó sleachta de, a cheannach ón údarás clárúcháin ar tháille de sheasca trí cent don chéad chéad ainm, móide trí cent déag do gach céad ainm ina dhiaidh sin. Soláthraítear cóipeanna den chlár saor in aisce d’ionadaithe poiblí tofa agus d’iarrthóirí toghcháin.
Ó chaitear clár iomlán agus clár faoi eagarthóireacht a fhoilsiú ón 1 Samhain 2004, is cion é úsáid a bhaint as mionsonraí ar an gclár iomlán chun aon chríche seachas críoch toghcháin nó reachtúil eile.
10. AN DLÍ CLÁRÚCHÁIN
Ní airbheartaíonn an fhaisnéis atá tugtha sa leabhrán seo a bheith ina ráiteas deifinídeach den dlí ar chlárú toghthóirí. Tá an dlí leagtha amach i:
Tá na hAchtanna sin ar fáil ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Teach Sun Alliance, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2. Is féidir iad a íoschóipeáil freisin ó láithreán gréasáin an Oireachtais ag www.oireachtas.ie