Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Do Chomhairle > Eolas Airgeadais > Forléargas

Forléargas

Ceann de na spriocanna atá ag Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh ná a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí ar fad na Comhairle bunaithe ar chleachtais bhainistíochta gnó atá iontaofa. Tá sé ríthábhachtach i ngach réimse den soláthar seirbhíse go ndéantar na hacmhainní airgeadais a uasmhéadú agus a úsáid go héifeachtach agus go bhfaightear luach ar airgead chun cumasú don Chomhairle an tseirbhís is fearr a thabhairt dár gcustaiméirí. Tá an aire agus cúram seo chomh tábhachtach céanna i gcás dtionscadail bheaga cosúil le Grúpscéim Uisce a fhreastalaíonn ar phobal beag tuaithe agus atá i gcás tionscadail níos mó atá infheicthe don phobal cosúil le Bóithre.

Níl bainistíocht na n-acmhainní seo mar fheidhm ag aon rannóg amháin den Chomhairle. Déantar na buiséid a dhéabhlóidiú agus baineann siad dá bhrí sin leis an bhfoireann ar fad ag gach leibhéal. Tá sé mar fheidhm ag an Roinn Airgeadais cuidiú leis an bhfoireann agus na sonraí atá riachtanach a sholáthar dóibh ionas gur féidir leo na hacmhainní sin a bhainistiú. Tá freagracht ar an Rannóg Airgeadais a chinntiú go bhfuil córais chuntasaíochta airgeadais/ córais bhainistíochta bunaithe atá sásúil. Is éard ata i gceist: Faisnéis agus comhairle airgeadais atá cruinn agus tráthúil a sholáthar do gach úsáideoir;


Buiséid Ioncaim

Leagann an Buiséad Ioncaim bliantúil amach creatlach buiséadach do ghníomhaíochtaí oibriúcháin laethúla na Comhairle laistigh de na hacmhainní airgeadais atá ar fáil. Ullmhaítear é agus glactar leis de ghnáth le linn thréimhse na Samhna agus na Nollag maidir leis an mbliain dar gcionn.

Chun breathnú ar an mBuiséad téigh go dtí leathanach na Faisnéise Airgeadais

Tá sonraí maidir le hioncam agus caiteachas iarbhír do bhlianta roimhe seo leagtha amach sa Ráiteas Airgeadais Bliantúil iniúchta ullmhaithe ag an gComhairle.

Chun breathnú ar an "Ráteas Airgeadais Bliantúil" téigh go dtí leathanach na Faisnéise Airgeadais


Ioncam Rátaí

Ceann de na príomhfhoinsí maoinithe ag an leibhéal áitiúil ná an ráta tráchtála. Tá sé seo iníoctha ar gach sealúchas tráchtála/ tionsclaíoch bunaithe ar ráta luachála bliantúil atá glactha ag Cruinniú Buiséid na Comhairle agus luacháil na n-áitreabh mar a chinneann an Coimisinéir Luachála. Níl cumhacht ag an gComhairle le luachálacha a shocrú - déantar sealúchas a liostú le hathbhreithniú chuig an Oifig Luachála agus cuirtear in iúl do shealbhóirí an sealúchais cén luacháil atá leagtha síos agus na cearta atá acu achomharc a dhéanamh ina haghaidh sin. Tá struchtúir á gcur i bhfeidhm ag an Oifig Luachála i láthair na huaire chun athluacháil iomlán a dhéanamh ar shealúchais inrátaithe sa tír, mar atá soláthraithe faoi Acht 2001. Tá súil ann go ndéanfar an athluacháil seo a chomhlánú ar bhonn tréimhseach sna blianta atá romhainn.


Cuntas Caipitil

Chomh maith leis an gCaiteachas Ioncaim, caitheann an Chomhairle airgead ar Mhórthionscadail Chaipitil i rith na bliana.