"Seirbhís dóiteáin agus freagartha éigeandála éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar"
Tá briogáid dóiteáin ag Údarás Dóiteáin Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh i seacht suíomh sa chontae. Seo a leanas an pearsanra atá i ngach briogáid:
| An tAonach | 12 Mhúchtóir Dóiteáin Choinnithe |
|---|---|
| Durlas | 13 Mhúchtóir Dóiteáin Choinnithe |
| Ros Cré | 12 Mhúchtóir Dóiteáin Choinnithe |
| An Teampall Mór | 8 Múchtóir Dóiteáin Choinnithe |
| Buiríos Uí Chéin | 8 Múchtóir Dóiteáin Choinnithe |
| An Port Nua | 8 Múchtóir Dóiteáin Choinnithe |
| Cloch Shiurdáin | 8 Múchtóir Dóiteáin Choinnithe |
Ar an meán freastalaíonn an tSeirbhís Dóiteáin ar 700-750 glaoch in aghaidh na bliana, agus is tinte simléir iad thart ar 45% acu sin.
Is nós atá ag leanúint ar aghaidh é an t-ardú i líon na dtimpistí bóthair/na dtinte feithiclí. Bíonn siad sin i gceist le thart ar 10% de na glaonna.
NÁ DÉAN DEARMAD GUR FÉIDIR LEATSA NA STAITISTICÍ SIN A ATHRÚ!
Tá foireann lánaimseartha ag an bPríomhoifigeach Dóiteáin de thriúr Príomhoifigeach Dóiteáin Cúnta, Oifigeach Dóiteáin Cúnta, Meicneoir Briogáide agus foireann Riaracháin bunaithe sa Cheanncheathrú ar an Aonach.
An bhfuil aon rud le rá agat faoinar suíomh Ghréasáin? Seol chugainn aon aiseolas.