Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Comhshaol > Dramhaíl

Dramhaíl

Tá an Rannóg Chomhshaoil freagrach as caomhnú an chomhshaoil mórthimpeall Thiobraid Árann Thuaidh. Cuimsíonn sé seo forfheidhmiú na reachtaíochta comhshaoil ar fad i limistéar na Bainistíochta Dramhaíola, i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Chomh maith le geilliúlacht a chinntiú leis an reachtaíocht dramhaíola, soláthraíonn an Chomhairle bonneagar dramhaíola agus athchúrsála. Soláthraíonn siad comhairle chomh maith maidir le dea-chleachtas bainistíochta agus eagraíonn siad feachtais feasachta comhshaoil ar bhonn leanúnach.

Ghlac cúig Údarás Áitiúil an Réigiúin Láir - Comhairlí Contae Thiobraid Árann Thuaidh, Laoise, an Longfoirt, Uíbh Fhailí agus na hIarmhí - le Plean Bainistíochta Dramhaíola an Réigiúin Láir go luath i 2006. Leagann sé amach spriocanna dúshlánacha do lucht gnó agus teaghlaigh i dtéarmaí laghdaithe, athúsáide, athchúrsála agus Diúscartha Dramhaíola don chéad cúig bliain eile amach romhainn.