Tá an Rannóg Comhshaoil freagrach as truailliú uiscí a rialú agus bearta chur i bhfeidhm le feabhas a chur ar Cháilíocht Uisce dromchla agus na spriocanna a leagadh síos faoin Treoir um Chreatlach Uisce a bhaint amach.
Tá sé de dhualgas ar an Rannán Comhshaoil na tuairiscí agus na gearáin a dhéanann an pobal maidir le truailliú uisce a fhiosrú. Déanann an fhoireann chomhshaoil an láthair a iniúchadh chun cineál agus foinse an truaillithe a aithint. Cuirfear iallach ansin ar an té atá freagrach deireadh a chur leis an truailliú, agus d’fhéadfadh sé nó sí a bheith freagrach as an gcostas glantacháin agus b’fhéidir go ndéanfar é nó í a ionchúiseamh faoi na hAchtanna um Thruailliú Uisce 1977 agus 1990.
Is í saotharlann na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a dhéanann monatóireacht ar uiscí dromchla (aibhneacha agus locha). Cuireann an Ghníomhaireacht na torthaí ar fáil ina tuarascáil bhliantúil. Chuireadar torthaí na bliana 2005 ar fáil anuraidh:
“Tá laghdú ag teacht i gcónaí ar an méid uiscí na tíre atá truaillithe go dona. Bhí 8.1% díobh amhlaidh i 2002 agus is mar sin a bhí 12.1% díobh i 1980 ach tá méadú tagtha ó 13.1% go 24.4% ar líon na stáisiún monatóireachta a d’aimsigh roinnt bheag thruaillithe nó truailliú measartha i rith an achair chéanna. Tá laghdú ó 74.8% go 67.7% tagtha ar líon na stáisiún nár aimsigh aon truailliú. Is de thoradh eotrófaithe de bharr an iomarca fosfair a tháinig an méadú seo ar uiscí atá measartha truaillithe. Dúradh sa tuarascáil go raibh bail réasúnta shásúil ar Loch Deirg.”
Is ó sceitheadh séarachais ó fheirmeacha agus rití chun srutha a thagann an chuid is mó den farasbharr fosfair seo. Tá an Rannán Comhshaoil gnóthach ag déanamh suirbhéanna ar fheirmeacha ag iarraidh feabhas a chur ar dhiúscairt dramhaíola feirme. Tá obair suirbhéireachta ar siúl ó tugadh isteach na Fodhlíthe Feirmeoireachta i 2000. Iniúchadh breis agus 900 feirm i gceantar na bhfodhlithe agus tá tús curtha le suirbhéanna i bhfo-dhobharcheantair a lán aibhneacha eile.
Cóipcheart © 2007, Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh | Ráiteas faoi Inrochtaineacht an Ghréasáin | Saoráil Faisnéise