Bóithre
Ár Sprioc
"Chun Gréasán Bóithre atá sábháilte agus éifeachtach a sholáthar laistigh den Chontae chun freastal ar riachtanais thráchtála agus shóisialta a gcuid úsáideoirí."
Tá gréasán bóithre atá sásúil riachtanach maidir le feidhmiú éifeachtach na heacnamaíochta rathúil. Le spleáchas na hÉireann ar thrádáil idirnáisiúnta agus nádúr iomaíoch an ghnó reatha, tá sé riachtanach go mbeadh costais iompair agus dáileacháin srianta. Is nasc riachtanach cumarsáide iad bóithre chun tacú le forbairt phobail, chun gluaiseacht a éascú i gceantair áitiúla agus chun cuimsiú sóisialta a chothú.
Straitéisí
- An plean reatha 5 bliana a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir le hathchóiriú dromchla agus atógáil na mbóithre neamhnáisiúnta.
- Scéimeanna feabhsúcháin áitiúla agus le cuidiú ón bpobal a chur chun cinn de réir an liosta tosaíochta agus i gcomhairle leis na baill tofa agus grúpaí áitiúla.
- Leanúint ag cinntiú maidir le pleanáil na bhfeabhsúchán ar bhealaí náisiúnta, go bhfuil an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil go hiomlán ar an eolas maidir le riachtanais agus tosaíochtaí an Chontae.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir le comhairliúchán agus comhordú na ngníomhaíochtaí idir rannóga éagsúla san eagraíocht agus áisínteachtaí eile atá ag feidhmiú sa Chontae.
- Cinntiú go bhfuil caighdeán na cothabhála bóithre feabhsaithe, ag teacht leis an dul chun cinn teicniúil agus oibríochtúil.
- Pleananna bainistíochta tráchta a ullmhú agus a fhorfheidhmiú, i comhairle leis na baill tofa, do bhailte móra an Chontae.
- Sábháilteacht bóthair a chur chun cinn agus iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar chúrsaí sábháilteachta bóthair sa Chontae.