Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Seirbhísí Uisce

Seirbhísí Uisce

Oiliúint

Eolas Ginearálta:

Tá ár Rannóg Seirbhísí Uisce lonnaithe sna hOifigí Cathartha, Bóthar Luimnigh, An tAonach agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn go díreach trí ghlaoch ar 067 44828 nó 44829, 44853, 44867


Soláthar Uisce

Bristeacha do sholáthair uisce:

Tá mórán cúiseanna le bristeacha san soláthar uisce – tá cuid acu laistigh de rialú na Comhairle agus cuid eile atá mar thoradh ar eachtraí gan choinne.

Nuair atá an briseadh laistigh de rialú na Comhairle, tabharfaimid fógra do gach custaiméar a mbeidh tionchar orthu ar a laghad 24 uair a' chloig roimh an bhriste beartaithe. Cuimseoidh an fógra seo an meastachán is fearr uainn maidir le tréimhse an bhriste.

Nuair a tharlaíonn briseadh gan choinne, déanfaimid iarracht láithreach maidir leis an gcúis a bhunú. Nuair atá súil le moill ar chúrsaí deisiúcháin, tabharfaimid fógra do gach custaiméar a bhfuil tionchar orthu laistigh de 24 uair a' chloig ón mbriseadh, ag tabhairt sonraí iomlána maidir le cúis an bhriste agus cén uair atáthar ag súil leis an soláthar a bheith ar fáil in athuair. Beidh fógraí ar an Staisiún Raidió áitiúil i gceist anseo agus/nó bileoga a sheachadadh chuig tithe aonair agus/nó úsáid an chórais Fógartha Poiblí inaistrithe.

Gearáin maidir le soláthair:

Tá sí mar aidhm againn a chinntiú go ndéantar na custaiméirí a sholáthar le seirbhís den chéad scoth. Má tá míshástacht ort lenár seirbhís ag tráth ar bith, is féidir leat do ghearán a sheoladh ar aghaidh chuig Stiúrthóir na Seirbhísí Uisce.

Cuirfimid aimsiú an ghearáin scríofa in iúl laistigh de 3 lá oibre agus eiseoimid freagra iomlán laistigh de 2 sheachtain.

Iarratais ar dhícheangail:

Nuair a chuireann tú iarratas sríofa ar dhícheangal faoi bhráid, seolfaimid é ar aghaidh chuig an bhfoireann theicniúil ábhartha.

Nuair atá iarratas iomlán i gceist, eiseoimid admháil laistigh de 2 lá oibre. Dearbhóidh an admháil seo an dáta inar aimsíodh an t-iarratas agus an dáta ina bhfuil sé beartaithe an dícheangal a éifeachtú

Ar ais go dtí an barr


Iarratais ar cheangail chuig an bpríomhlíonra uisce nó séarachais agus ar cheadúnais oscailte bóthair

Nuair a chuireann tú iarratas faoi bhráid ar dhícheangal nó ar cheadúnas le bóthar poiblí a thochailt, scrúdóimid é láithreach le cinntiú go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe go cruinn. Cuirfimid admháil ar fáil laistigh de 3 lá ó aimsiú an iarratais.

Má tá d'iarratas neamhiomlán, tabharfaimid fógra duit laistigh de 3 lá oibre, ag tabhairt sonraí maidir leis an bhfaisnéis bhreise atá de dhíth. Is minic nach ndéanann daoine an Fhoirm Oscailte Bóthair a chomhlánú go hiomlán, nó an Léarscáil de Shuíomh an Láithreáin a chur faoi bhráid lena n-iarratas - déanfar déileáil leis mar iarratas neamhiomlán sa chás seo.

Eiseoimid sonrasc don táille ceangail agus táillí ábhartha oscailte bóthair laistigh de 4 sheachtain ó aimsiú an iarratais comhlánaithe. Eiseofar cead maidir le scéimeanna poiblí a eisiúint laistigh de 3 lá oibre ó íocaíocht na dtaillí ar fad ón iarratasóir, atá dlite do rannóg na seirbhísí uisce, don rannóg pleanála agus don rannóg ioncaim.

Eiseoimid cinneadh agus sonrasc maidir le hiarratais ar cheadúnais oscailte bóthair laistigh de 4 sheachtain ó aimsiú an iarratais comhlánaithe. Eiseofar Ceadúnas Oscailte Bóthair don iarratasóir laistigh de 3 lá oibre ó íocaíocht na dtáillí.

Ar ais go dtí an barr


Iarratais ar Ghrúpscéim

Nuair a chuireann tú iarratas faoi bhráid ar Fhóirdheontas Bliantúil do ghrúpscéim reatha, scrúdóimid é láithreach le cinntiú go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe go cruinn.

Má tá d'iarratas neamhiomlán, tabharfaimid fógra duit laistigh de 3 lá oibre, ag tabhairt sonraí maidir leis an bhfaisnéis bhreise atá de dhíth.

Eiseofar íocaíocht maidir le fóirdheontas i dtaobh scéimeanna reatha laistigh de 3 sheachtain ó aimsiú an iarratais comhlánaithe.

Ar ais go dtí an barr


Iarratais ar dheontas tobar príobháideach

Nuair a chuireann tú iarratas faoi bhráid ar dheontas tobar príobháideach, scrúdóimid é láithreach le cinntiú go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe go cruinn.

Má tá d'iarratas neamhiomlán, tabharfaimid fógra duit laistigh de 3 lá oibre, ag tabhairt sonraí maidir leis an bhfaisnéis bhreise atá de dhíth.

Eiseoimid ár gcinneadh maidir le cead/diúltú sealadach laistigh de 3 sheachtain ó dháta aimsithe an iarratais comhlánaithe.

Eiseofar íocaíocht an deontais laistigh de 5 sheachtain ó dháta aimsithe na doiciméadachta atá riachtanach maidir le comhlánú na hoibre agus tástálacha uisce ar fad.

Táillí Ceangal - Seirbhísí Uisce

Má tá fiosruithe breise agat déan teagmháil le Rannóg na Seirbhísí Uisce

Ar ais go dtí an barr


Táillí Uisce - Rannóg Ioncaim

Treoraigh do chuid fiosrúcháin maidir le táillí uisce chuig an Rannóg Ioncaim againn féin atá lonnaithe sna hOifigí Cathartha, Bóthar Luimnigh, An tAonach agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo go díreach trí ghlaoch ar 067 44525 nó 44526.

Íocaíocht na dTáillí:

Eiseoimid éilimh na dtáillí uisce roimh an 30 Aibreán agus an 31 Deireadh Fómhair gach bliain.

Ba chóir an íocaíocht a dhéanamh laistigh de 1 mí ó aimsiú an éilimh.

Mura n-aimsítear an íocaíocht in am is i dtráth, eiseoimid Fógra ag lorg na híocaíochta laistigh de seacht lá, le fógra breise ina dhiaidh sin agus ansin Fógra Deiridh. Ina dhiadh sin, eiseofar Fógra Dícheangail mar is cuí nó cuirfear tús le himeachtaí dlí.